Gaelige

 

Morley Abú – An Tuairisc Gaelach

 

Baill Morley, a chairde, tá deireadh Meitheamh bainte amach againn agus doiligh é a chreidbheáil ach tá an sraith leath thart cheana féin. Ta ár gceithre foireann agus na himreoirí uilig ag cur isteach fíor iarracht agus go leor buanna agus uchtach le feiceáil. Idir gniomhaíochtai na páirce agus spraoi na siamsaíochta bhí an chéad leath den bhliain ar fheabhas!  

 

Ta foireann sinsear na bhfear ina suí go brodúil ag barr na sraithe agus trí phointe le spáráil acu, cé go bhfuil said ag tabhairt corr ribe liath do John and Jay bocht! Tá an foireann idirmheánach cúpla cluiche un gcúil faoi láthair ach ag teacht isteach sa ‘form’ le greim a fháil ar na foirne eile. Tá an caighdeán níos airde arís sna comórtais i mbliana agus éacht mór go bhfuil ár gcuid foirne ag buaileadh ach aon rud atá rompu.      

 

Bliain stairiúil dó na mná leis an dara foireann sa chomórtas - an chéad iarraidh ag cumann ar bith sa stáit. Is é Morley Dearg an foireann sinsear agus tá dul chun cinn mór le feiceáil sa chaighdeán ó bhí anuraidh ann. Meascán ar dóigh de ‘seán’ imreoirí agus mná úra agus tá an tuigbheáil eatarthu ag fás leis. Tá cúpla bua acu cheana agus an múinín ag éiri. Ta mná Morley Dubh ag éiri nios fearr le ach aon cluiche agus ag ullmhú don chraobh.    

 

Le cois na himeachtaí páirce, bhí neart craic agus spórt againn mar chumann. Go háirithe, bhí oíche ar dóigh againn sa Carlisle ag oíche tacaíochta Enda. Corr scairt teileafóin eaglach lá arna mhárach de réir cosúlacht ó lads nár chuimhnigh an méid a cheannaigh said sa cheantáil! Chuaigh muid amach ar turas seoltóireachta chomh maith agus réimse leathan stíleanna damhsa le feiceáil ar na poles! Bhí na girseachaí sásta cé bith le corr aoibh dána ag imeacht daofa!!

 

Ag súil go mbeidh an dara leath den bhliain go maith leis an chéad ceann.

Ádh mór,

 

Coiste Morley Gaels.

Morley Gaels proudly support